Thuas Seal... by Raidió na Life published on 2023-12-18T10:32:03Z Tá samhradh fada le cur di ag Ailbhe, bean óg ó theaghlach meánaicmeach i mBaile Átha Cliath. Tá sí millte, réabhlóideach agus dímhúinte agus tá a hathair ag iarraidh go mbeadh sí gnóthach i rith na laethanta saoire agus obair socraithe aige di in institiúidí móra le rá. Ach tá sé socraithe ag Ailbhe go mbeidh roinnt spraoi aici, is cuma cén áit ina mbeidh sí… Sraith dhrámaí raidió ghreannmhara, scannalacha le Réaltán Ní Leannáin é 'Thuas Seal…' Ar na haisteoirí atá le cloisteáil sa tsraith tá: Sinéad Ní Uallacháin, Dairíne Ní Dhonnchú, Hilary Bowen-Walsh, Gearóid Ó Mórdha agus Lelia Ní Chinnéide. Judy-Meg Ní Chinnéide a léirigh an tsraith agus a bhí i mbun eagarthóireachta agus Marc Ó Loinsigh a bhí mar theicneoir stiúideo. Is le tacaíocht ó scéim Fuaim agus Fís Údarás Craolacháin na hÉireann a rinneadh an tsraith dhrámaí raidió seo, leis an táille ceadúnais teilifíse. Rabhadh d’éisteoirí: tá téamaí a bhaineann le hábhar do dhaoine fásta le cloisteáil sna cláir seo agus níl siad oiriúnach do pháistí. Contains tracks 'Thuas Seal...' Eagrán 1: Sioscadh ar na Seilfeanna by Raidió na Life published on 2023-12-18T10:32:01Z 'Thuas Seal...' Eagrán 2: Ag breith ar iasc by Raidió na Life published on 2023-12-18T10:32:00Z 'Thuas Seal...' Eagrán 3: Trup ar an Staighre by Raidió na Life published on 2023-12-18T10:32:00Z 'Thuas Seal...' Eagrán 4: An Sean agus an Nua by Raidió na Life published on 2023-12-18T10:31:59Z 'Thuas Seal...' Eagrán 5: Ná Déan Nós by Raidió na Life published on 2023-12-18T10:31:57Z
'Thuas Seal...' Eagrán 1: Sioscadh ar na Seilfeanna by Raidió na Life published on 2023-12-18T10:32:01Z